Muineachán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é Muineachán príomhbhaile Chontae Mhuineacháin, ceann den trí chontae i gCúige Uladh a fágadh ar an taobh theas den Teorainn nuair a chuaigh an chríochdheighilt ar oileán na hÉireann i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Is é Muineachán an t-aon áit amháin sa chontae ar féidir cathair a thabhairt uirthi, agus tá cónaí ar shé mhíle duine ansin. Tá an Teorainn suite faoi ocht gciliméadar den áit.

B'iad muintir Mhic Mhathúna an treibh Ghaelach a bhí i seilbh na háite roimh theacht na nGall, ach níl a dhath fágtha dá gcuid caisleán is mainistreach inniu. Tá iarsmaí ann de chrannóg bheag a bhí ina ceanncheathrú ag na Mathúnaigh sa cheathrú haois déag, áfach.

Bhí tionscal an línéadaigh tábhachtach mar fhoinse shaibhris i Muineachán cosúil le háiteanna eile in Ultaibh, agus tógadh foirgnimh fheiceálacha sa bhaile seo ar éadálacha an tionscail.

Tháinig Charles Gavan Duffy chun an tsaoil i Muineachán. Inniu, tá an scríbhneoir Gaeilge Pádraig Ó Baoighill ina chónaí san áit.




Vicipéid
Is stumpa é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.