Caiseoipé (réaltbhuíon)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Caiseoipé

Caiseoipé

gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil

Ainm Laidine Cassiopeia
Ginideach Laidine Cassiopeiae
Nod Cas
Siombalaíocht an Bhanríon ina suí
Dronairde 1 h
Diallas +80°
Achar 598 céim cearnach
Rangú: 25ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
4
Réalta is gile α Cas (Schedar)
(méid 2.23)
Dreigecheathanna
  • Peirsidí
Réaltbhuíonta
ar theorainn leis
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −20°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Samhain

Caiseoipé ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara aois. Is é Cassiopeia an t-ainm Laidine a thugtar air.

Clár ábhair

[athraigh] Príomhghnéithe

  • γ Cas: réalta athraitheach chorr agus fréamhshamhail na réaltaí Gamma Cassiopeiae (.i. B-réaltaí atá ag rothlú go mear agus ag cailleadh maise óna gcreasa meánchriosacha); méid 1.3 – 3.0. Is réalta dhúbailte optúil chomh maith í γ Cas (BU 1038): méid 2.20 agus 10.90; deighilt 2.3"; uillinn suímh 252° (sa bhliain 1961). Tá comhbhall eile le feiceáil freisin (BU 499): méid 12.90; deighilt 53.2"; uillinn suímh 346° (sa bhliain 1999).
  • η Cas: ilréalta le hocht chomhbhall (STF 60); tá an AB-péire ar cheann de na déréaltaí is cáiliúla sa spéir; William Herschel a d'aimsigh sa bhliain 1779 í; méid 3.52 agus 7.36; deighilt 12.9"; uillinn suímh 319° (2005). Is comhbhaill optúla iad na sé chomhbhall eile agus iad ar méid 8.41 go 11.75.
  • ι Cas: ar cheann de na tríréaltaí is áille sa spéir (STF 262); tá na trí chomhbhall ar méid 4.63, 6.92 agus 8.40; deighilt 2.9" agus 7.6"; uillinn suímh 230° agus 115° (2004); is réalta athraitheach an phríomhréalta den saghas Réalta Alpha Canum Venaticorum, agus is déréalta speictreascópach í chomh maith.
  • ρ Cas: hipearfhathach buíbhán atá níos mó ná 500 000 uair chomh lonrúil leis an nGrian; athraíonn sí ón gceathrú go dtí an séú méid gach 10 nó 11 mí.
  • R Cas: réalta Mira Ceti (saghas M) agus tríréalta optúil (ES 37). Tá an phríomhréalta ar méid 4.70 go 13.50; tréimhse 430.46 lá. Tá na comhbhaill B agus C ar méid 14.50 agus 11.00; deighilt 18.1" agus 30.3"; uillinn suímh 269° agus 321° (sna blianta 1962 agus 1991 faoi seach).
  • RZ Cas: réalta athraitheach uraitheach den saghas EA/SD (.i. cosúil le hAlgol ach leathscoite); ar méid 6.18 go 7.72; tréimhse 1.195247 lá. Tá an tréimhse ag dul chun síneadh le tamall anuas!
  • AO Cas: réalta athraitheach cháiliúil, agus ar cheann de na córais réaltacha is mórmhaise dá bhfuil ann; den saghas ELL/KE (.i. réalta athraitheach rothlaithe éileapsóideach agus déréalta theagmhála atá ann); méid 6.07 go 6.24; tréimhse 3.523487 lá.

[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire

  • M52: réaltbhraisle oscailte atá infheicthe le déshúiligh.
  • M103: réaltbhraisle oscailte bheag is fhadaithe atá sárfheicthe le teileascóp beag seachas déshúiligh.

[athraigh] Stair

[athraigh] Miotaseolaíocht

[athraigh] Réaltaí

[athraigh] Féach fosta

[athraigh] Naisc sheachtracha

[athraigh] Tagairtí

  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir